Give Leabhar Gaeilge - caint ag tosú i gceann cúpla nóiméad! Ticéid ar fáil anseo:

eventbrite.ie/e/eire-ag-leam…

Beimid ag breathnú agus an haischlib #GiveLeabharGaeilge in úsáid againn.
Ócáid Ghaeilge ar líne chun tábhacht agus pléisiúr na léitheoireachta Gaeilge do dhaoine óga a phlé. Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn a bheidh sa chathaoir.

Aíonna:

@FachtnaOD
@sadhbhdevlin
@SorchaNiCh
Joe Kelly ó @TrinityCompLib
#GiveLeabharGaeilge
Is tuismitheoirí iad an ceathrar aíonna, agus dar ndóigh an cathaoirleach féin - rud a chuirfidh go mór leis an gcaint!
Cén tábhacht a bhaineann leis an léitheoireacht daoibh mar tuismitheoirí?

#GiveLeabharGaeilge
Rinne muid iarracht cúpla nóiméad a thógáil sa lá: scéilín a léamh sula dtéanna [na páistí] ina gcodladh. @SorchaNiCh
Bíonn tú ag léamh don pháiste, ansin bíonn tú ag léamh leis an bpáiste, ansin b'fhéidir go bhfuil tú ag léamh rud dóibh atá ar chaighdéan níos airde, agus ina dhiaidh sin bíonn tú ag éisteacht leo ag léamh duitse. @LaureatenanOg Áine Ní Ghlinn
@FachtnaOD
Ag léamh sraith An Cúigear Cróga lena mhac is óige faoi láthair.
@FachtnaOD
'Ar a laghad, faigheann siad saoirse áirithe gan teorainn sna leabhair, agus tugann sin suaimhneas dóibh [le linn na dianghlasála].'

#GiveLeabharGaeilge
@sadhbhdevlin
Thaitin sé le @sadhbhdevlin i gcónaí nuair a léigh a tuismitheoirí di san oíche, fiú agus í maith in ann léamh as a stuaim féin.
Níor tugadh @sadhbhdevlin le Gaeilge ach bhí sí ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid lena páistí féin. Mar sin, thosaigh sí amach díreach nuair a tháinig na leanaí ar ais ón ospidéal le leabhair Bhrain.

Bealach iontach a bhí ann an Ghaeilge a thabhairt isteach sa saol go nadúrtha.
Joe Kelly ag labhairt faoina athair féin a fheiceáil ag léamh an nuachtáin i gcónaí.

Tá sé an-tábhachtach do bhuachaillí fear fásta a fheiceáil ag léamh, ó cheaptar uaireanta gur caitheamh aimsire do chailíní é an léitheoireacht.

#GiveLeabharGaeilge
An bhfuil an léitheoireacht difriúil do chailíní agus do bhuachaillí, mar sin? Ceist curtha ag @LaureatenanOg, Áine Ní Ghlinn.

#GiveLeabharGaeilge
@SorchaNiCh ag déanamh cur síos breá ar an difríocht idir na nósanna léitheoireachta atá ag na páistí s'aici.

Sraith 'Cáitín Chaoch' luaite aici, agus 'An Tóraíocht' le Colmán Ó Raghallaigh luaite freisin, mar aon le 'Ruaille Buaille' agus sraith Tintin.
@FachtnaOD
'Sárú' le Anna Heussaff alptha siar ag duine den teaghlach aréir - is nós leis an mbuachaill leabhair a léamh in aon ghabh amháin, fiú má chiallaíonn sin go bhfanann sé ina dhúiseacht ródhéanach! #GiveLeabharGaeilge
An dtéann páistí i dtreo an Bhéarla toisc nach bhfuil dóthain leabhair Ghaeilge ann?

@LaureatenanOg Áine Ní Ghlinn
#GiveLeabharGaeilge
@FachtnaOD
Níl an dara rogha, an-chuid den am, ach dul i mbun léitheoireachta i mBéarla. Ní bhíonn rogha agat.

Níl na leabhair ar fáil le coinneáil súil le léitheoir craosach.
Nuair a chuireann tú as an áireamh na leabhair ina bhfuil cailín (ós mar sin atá, i bhfírinne, le léitheoirí óga) mar phríomhcharactar, leabhair eile nach mbeadh spéis aige iontu, leabhair a mbeadh léite aige ar scoil, leabhair atá léite aige cheana...
@FachtnaOD
An bealach a léann páistí leabhair anois, tosaíonn siad ar shraitheanna. Ní bhíonn ort iad a mhealladh ach uair amháin má tá sraith i gceist. Caithfidh níos mó sraitheanna bheith ann, agus na sraitheanna sin bheith níos faide ná mar a bhíonn de ghnáth.
@FachtnaOD
@SorchaNiCh ag labhairt arís.

Tá obair dhochreidte ar siúl ag Tuismitheoirí na Gaeilge chun scéalta a thabhairt chun beatha le seisiúin scéalaíochta le páistí Gaeltachta. #GiveLeabharGaeilge
Slí atá ann an grá don léitheoireacht agus an nósmhaireacht léitheoireachta a chothú.

Tá baol ann go mbeadh leabhair Ghaeilge in úsáid i suíomh scoile amháin, agus nach mbainfear an pléisiúr céanna astu sa mbaile.

@SorchaNiCh
An ceangail sin idir an spraoi agus an léitheoireacht, agus go háirithe an léitheoireacht Ghaeilge, tá sin an-thábhachtach.
@SorchaNiCh
Tá súil againn go bhfuil foilsitheoirí (nó ábhar foilsitheoirí!) ag breathnú ar an gcaint seo anocht ag @LaureatenanOg agus a cuid aíonna.

Plé stuama, más ceadmhach focal mar sin a úsáid arís eile, mar gheall ar ábhar atá thar a bheith tábhachtach. #GiveLeabharGaeilge
Is maith an rud é sceitimíní a chur ar pháistí maidir le scéalta Gaeilge (leis an drámaíocht, mar shampla).

Nuair a fhoilsítear leabhair mhaithe do pháistí, go han-tapa bíonn siad sna scoileanna.

Sin an t-aon áit a fheicfidh an-chuid páistí leabhair Ghaeilge. @sadhbhdevlin
Conas léitheoirí drogallacha a mheallach chun na léitheoireachta?

Cuir tús leis an léitheoireacht chomh luath agus is féidir. Tabhair an léitheoireacht amach ón scoil. Téigh chuig an leabharlann nó bain úsáid as seirbhísí leabharlainne. -Joe Kelly
An trí rud is tábhachtaí chun an léitheoireacht a spreagadh agus a chothú, dar le Joe Kelly @TrinityCompLib:

- Am (cuir am ar leataobh chun tabhairt faoi)
- Spás (cuir spás ar fáil, múch an teilifís)
- Leabhair (faigh leabhair, ón leabharlann, ó chairde, ó shiopa)
Comhairle an-mhaith:

Bí feiceálach i do chuid léitheoireachta.

Mura bhfeiceann daoine óga daoine níos sine ag léamh i nGaeilge, ní bheidh fonn orthusan tabhairt faoin léitheoireacht.

- Joe Kelly @TrinityCompLib
An jab atá againne mar scríbhneoirí ná daoine a spreagadh le Gaeilge a léamh.

Bíonn tú ag iarraidh an rud nach bhfeiceann tú a chur ar fáil. Mura dtagann tú ar an scéal atá uait ar na seilfeanna, uaireanta is gá duit é a scríobh tú féin! @sadhbhdevlin
An bhfuilimid, ó thaobh na Gaeilge de - an bhfuil na leabhair rógheal? Ró-aontreoch?

Níl daoine óga á bhfeiscint féin sna leabhair. Daoine tras, daoine le dathanna éagsúla craicinn. Ní fheiceann siad iad féin sa litríocht.

@LaureatenanOg Áine Ní Ghlinn.
Tá an pobal ag athrú. Agus de réir mar a athríonn an pobal, athróidh na léitheoirí agus athróidh scríbhneoirí. @LaureatenanOg Áine Ní Ghlinn.
Tá nasc idir do chumas léitheoireachta agus do chuid féiniúlachta.

Má phiocann tú suas leabhar agus mura bhfuil tú in ann é a chríochnú, ceapfaidh tú nach léitheoir maith thú. - Joe Kelly
@TrinityCompLib
Mar fhreagra ar cheist @LaureatenanOg Áine Ní Ghlinn - an mbeadh sé réalaíocht eagráin éagsúla den saothar céanna a chur amach le freastal ar chaighdeáin éagsúla?

Luadh go bhfuil an margadh róbheag... (1/2)
... ach caithfidh muid a rá go bhfuil bearna i bhFAD níos mó ann do dhaoine ag lorg ábhar léitheoireachta ná mar a cheaptar. Ach é a bheith ar fáil...

(Tuigimid go han-mhaith an ganntanas airgid, mar aon le ganntanas foilsitheoirí...) (2/2)
Aontaímid go mór mór le @SorchaNiCh go bhfuil ganntanas seanscéalta sa Ghaeilge.

Ach tá cuid de na cinn a luadh ansin fós ar fáil!

Cinnte go bhfuil ganntanas leathan ann, ba bhreá linn bailiúchán do pháistí a fheiceáil de scéalta Rúraíochta, Fiannaíochta.
Sampla anseo - Áille agus Brúid mar a luadh, tá sin fós ar fáil:

siopaleabhar.com/tairge/aille-a…
Luaithríona (Cinderella)
siopaleabhar.com/tairge/luaithr…

Seán agus an Gas Pónaire (Jack and the Beanstalk)
siopaleabhar.com/tairge/sean-ag…

Rápúnzell (Rapunzel)
siopaleabhar.com/tairge/rapunze…

Codladh Céad Bliain (Sleeping Beauty)
siopaleabhar.com/tairge/codladh…
Sárchaint agus sár-aíonna ansin! Go raibh céad míle maith agaibh @LaureatenanOg @LibrariesIre as sin a chur ar bun.
@threadreaderapp unroll le bhur dtoil!

• • •

Missing some Tweet in this thread? You can try to force a refresh
 

Keep Current with An Siopa Leabhar (ar líne) #FanSaBhaile

An Siopa Leabhar (ar líne) #FanSaBhaile Profile picture

Stay in touch and get notified when new unrolls are available from this author!

Read all threads

This Thread may be Removed Anytime!

PDF

Twitter may remove this content at anytime! Save it as PDF for later use!

Try unrolling a thread yourself!

how to unroll video
  1. Follow @ThreadReaderApp to mention us!

  2. From a Twitter thread mention us with a keyword "unroll"
@threadreaderapp unroll

Practice here first or read more on our help page!

More from @ansiopaleabhar

9 Feb
@MiseCiara Ar dtús, níl mórán closleabhar ann sa Ghaeilge. Tá na foilsitheoirí beag, tá an-chuid airgid i gceist le taifeadtaí, gan trácht ar dlúthdhiosca a chruthú, agus bealach an-mhaith iad le hairgead a chailleadh (faraor). 1/
@MiseCiara Le dul isteach ar Audible, is gá dul sa ghnó le Amazon, ós leosan Audible.
Bhí caint tosaithe ag @CoisLife faoi sin nuair a bhí mise ag obair ann, ach cinneadh an comhlacht a dhúnadh sular féidir dul sa treo sin 2/
@MiseCiara @CoisLife Na closleabhair a rinne Cois Life, bhí siad maoinithe nach mór go hiomlán - is é sin, an taifeadadh. Níor cuimsíodh aon obair fhadtéarmach riaracháin sa mhaoiniú sin go bhfios domsa. Agus bheadh obair mhór ag baint leis an riarachán a bhainfeadh lena leithéid 3/
Read 5 tweets

Did Thread Reader help you today?

Support us! We are indie developers!


This site is made by just two indie developers on a laptop doing marketing, support and development! Read more about the story.

Become a Premium Member ($3/month or $30/year) and get exclusive features!

Become Premium

Too expensive? Make a small donation by buying us coffee ($5) or help with server cost ($10)

Donate via Paypal Become our Patreon

Thank you for your support!

Follow Us on Twitter!